Main content

Máire Bhreathnach

Cuireann Máire ‘Blas na Céadaoine’ i láthair do 91ȱ Raidió Uladh agus is láithreoir teilifíse de chuid an 91ȱ í fosta ar ‘I Lár an Aonaigh’.

Is Conallach í as Gort a Choirce agus d’fhreastail sí ar Ollscoil Uladh, Cúil Raithin, áit ar bhain sí céim onórach BA amach i nGaeilge agus i Staidéir Amharclannaíochta.

Tá taithí fhada ag Máire in earnáil na teilifíse. Thosaigh sí amach mar aisteoir ar chláracha ar nós ‘Sneachta Dearg’ (91ȱ), ‘Adharca Fada’ (91ȱ) agus ‘Turas Teanga’ (RTÉ). Tar éis sin thosaigh sí ag láithriú réimse leathan sraitheanna teilifíse don 91ȱ agus TG4 – ‘Sláinte agus Easláinte’; ‘Scéal an Airgid’ agus ‘Luí na Talún’ ina measc.

Dé réir a chéile bheartaigh sí a post mar oiliúnóir Gaeilge sa Stát Seirbhís i mBaile Átha Cliath a fhagáil chun dul i dtreo saol na meáin chumarsáide go lán aimseartha. Tá sí anois ina ceannasaí ar Aonad na Gaeilge i Below the Radar TV agus í i gceannas ar gach réimse aschur Gaeilge ann – teilifís agus ar líne.

About Máire

Máire presents Wedesday night’s ‘Blas’ for 91ȱ Radio Ulster and ‘I Lár an Aonaigh’ for 91ȱ TV.

A Donegal woman from Gortahork, she attended the University of Ulster, Coleraine, where she was awarded a BA (Hons) in Irish Language and Theatre Studies.

Máire has substantial experience in the TV industry. Starting out as an actor on such programmes as ‘Sneachta Dearg’ (91ȱ), ‘Adharca Fada’ (91ȱ) and ‘Turas Teanga’ (RTÉ), she went on to present a wide range of TV series’ for 91ȱ and TG4 including ‘Sláinte agus Easláinte’, ‘Scéal an Airgid’ and ‘Luí na Talún’.

Eventually, she determined to leave her Civil Service job as Irish Language trainer in Dublin to pursue a fulltime media career. She now heads up the Irish Language Unit at Below the Radar TV where she is responsible for all Irish language output – TV and online.