Main content

Éamonn Ó Catháin

Oideas blasta le hÉamonn Ó Catháin. A tasty recipe from Éamonn Ó Catháin.

Oideas blasta le hÉamonn Ó Catháin. A tasty recipe from Éamonn Ó Catháin.

Mionbhruar úll is monóg

Na Comhábhair

4 úll (thart ar 800g)

80g de mhonóga (úra nó reoite) (nó de chaora gorma)

Cnapán mór ime

Meascán 4 spíosra (nó “4-spice mix” ar fáil go forleathan)

100g de phlúr bán

100g de chnapáin bheaga ime agus iad breá fuar

80g de shiúcra Demerara (ar a dtugtar “Cassonade” fosta)

80g d’almóinní meilte

Calóga coirce (le h-aghaidh bracháin)

ܰ--é

Bain an craiceann de na húlla agus dísligh iad.

Cuir an cnapán mór ime sa phota chomh maith leis na húlla, rud beag uisce agus an meascán spíosraí. Tiontaigh é seo go maith agus fág ar bogfhiuchadh ar feadh deich mbomaite.

Tóg babhla mór agus déan an mionbhruar leis an phlúr agus leis an im fhuar agus é ina gcearnóga beaga. Measc é seo go mbí crot air mar a bheadh gráinníní gainimh ann. Cuir leis seo an siúcra demerara agus na halmóinní meilte.

Ag an phointe seo, las an t-oigheann agus cuir é ag dul ag 200 céim. Faigh mias oighinn den chineál “gratin” agus istigh ansin, cuir an meascán úll is monóg agus an mionbhruar féin ar a mhullach sin.

Isteach leis san oigheann ar feadh 20 bomaite nó go mbí dath breá donn ar an mhionbhruar.

Dáta Scaoileadh:

Fad:

5 nóiméad

Seo gearrthóg ó

Tuilleadh gearrthóg ó 18/09/2013