Main content
Sorry, this episode is not currently available

05/07/2011

John Ghrainne was one of the stalwarts of the Irish language and the storytelling of his native home. This episode, he speaks about the first group of people who came to Rannafast.

27 minutes

Last on

Thu 3 Jul 2014 19:03

AthscrĂ­bhinn den chlĂĄr


SĂ© do bheatha agus tĂĄ fĂĄilte mhĂłr romhat chun na sraithe speisialta seo darb ainm Ceann Dubhrann - sin ainm eile ar Rann na Feirste. Agus liomsa le linn na sraithe seo beidh fear mĂłr de chuid na Gaeilge, duine a bhfuil aithne air ar fud na tĂ­re, go hĂĄirithe i gCĂșige Uladh, sin SeĂĄn Ó Duibheannaigh. TĂĄ muid inĂĄr suĂ­ anseo sa teach ag SeĂĄn, John GhrĂĄinne, duine a bhĂ­ ar an chlĂĄr agam minic go leor roimhe seo agus anois tĂĄ muid beirt ag gabhĂĄil a thoiseacht amach agus clĂĄr a dhĂ©anamh ar an seanchas agus ar scĂ©alta na ndaoine a mhair agus a mhaireann go fĂłill i Rann na Feirste agus plĂ© a dhĂ©anamh ar ghnĂ©ithe Ă©agsĂșla den saol sin a bhĂ­ acu agus atĂĄ acu anois. Agus go raibh mĂ­le maith agat, a John, as an chlĂĄr seo, as an tsraith seo a dhĂ©anamh linn – Ceann Dubhrann.

Go ndéana a mhaith duit, a Antaine agus tå fåilte romhat chun an tí seo.

Ar ais eile.

Bhuel, cad é mar a thåinig daoine go Rann na Feirste an chéad uair nó cå huair a thåinig daoine go Rann na Feirste?

ThĂĄinig daoine go Rann na Feirste in 1736. ThĂĄinig siad isteach as taobh amuigh de Tearmann ansin, ĂĄit a bhfuil an StacrĂĄnaigh air. Cloinn UĂ­ Ghrianna ! SeĂĄn Ó Grianna a thĂĄinig an chĂ©ad uair go Rann na Feirste. Leoga, dĂĄlta go leor dar lean SeĂĄn, bhĂ­ SeĂĄn cineĂĄl drabhlĂĄsach mĂĄ thiocfadh leat drabhlĂĄsach a thabhairt air. NĂ­ raibh mĂłrĂĄn suime aige riamh in obair chrua. Ach bhĂ­ an dĂșdhĂșil go deo aige in spĂłrt agus i gcuideachta agus i bhfidlĂ©ireacht. FidlĂ©ir maith a bhĂ­ ann. Agus ceann de na rĂĄsaĂ­ dĂĄ dtug sĂ© ina shaol ba Ă© sin ceann acu a thug sĂ© go Rann na Feirste.

ThĂĄinig sĂ© go Rann na Feirste agus ar ndĂłighe, ins an am a dtĂĄinig SeĂĄn go Rann na Feirste, nĂ­ raibh bealach mĂłr ann nĂĄ bealach coise ach oiread ach ag lĂ©imtigh Ăł thurtĂłg go turtĂłg ! Agus bun na gcrann agus crainn ag titim ar a dtaobh ! Agus bhĂ­ droch-chuma ar Rann na Feirste. Ach nĂ­ hĂ© sin mar a chonaic SeĂĄn Ó Grianna Ă©. Thit SeĂĄn Ó Grianna i ngrĂĄ le Rann na Feirste – garbh is eile mar a bhĂ­ sĂ© san am. Agus shiĂșil sĂ© thart frĂ­d Rann na Feirste agus bhreathnaigh sĂ© Ă© Ăł chladach go barr an bhaile.

Ba mhaith leis Rann na Feirste bheith aige ach nĂ­ raibh teann ar a chĂșl aige. An duine bocht, nĂ­ raibh a oiread airgid aige agus a cheannĂłdh an baile. Agus chuaigh sĂ© ar ais amach go dtĂ­ go raibh sĂ© amuigh ins, ina sheanbhaile agus chuaigh sĂ© fĂ©in agus a dhearthĂĄir PĂĄdraig i gcomhar. Agus dĂșirt PĂĄdraig go gcuideodh sĂ© leis an baile a cheannacht. ThĂĄinig sĂ© fĂ©in agus PĂĄdraig arĂ­s isteach go Rann na Feirste agus, bĂ­odh a fhios agat gur beirt dhearthĂĄir a bhĂ­ iontu ach bhĂ­ siad iontach Ă©agosĂșil le chĂ©ile ina gcuid dĂłigheanna. OibrĂ­ mĂłr a bhĂ­ i bPĂĄdraig. Ba chuma leis ach an lĂĄ a oibriĂș, an oĂ­che a chodladh agus sin a raibh ar a aird. Is ba chuma le SeĂĄn ach cĂ©n ĂĄit a bhfaigheadh sĂ© spĂłrt agus cuideachta.

Anois, thĂĄinig siad go Rann na Feirste, mar a dĂșirt mĂ©, agus chuir siad a gcomhairle i gceann a chĂ©ile, ag fĂ©achĂĄil leis an bhaile a cheannach. Agus cheannaigh siad an baile Ăłn tiarna a bhĂ­ i dtreis insan am. Cheannaigh siad an baile ar chĂșig phunta. CĂșig phunta a dhĂ­ol siad air agus cĂșig scillingeacha de chĂ­os in aghaidh na bliana ina dhiaidh sin. Anois, ba Ă© sin an baile ceannaithe.
Ach bhĂ­ dĂșil mhĂłr ag SeĂĄn in ĂĄilleacht agus in radharcanna deasa. Agus dar leis go dtĂłgfadh sĂ© crĂł tĂ­ ar an taobh thiar den bhaile, abhus os cionn na BĂĄinsibh. Agus nĂ­ chreidim nĂĄ tĂĄ cuid de chlocha na dĂșshraithe fĂĄgtha ansin go fĂłill i ndiaidh a dtĂĄinig d’athruithe ar Rann na Feirste. Ach ba mhaith le PĂĄdraig a ghabhĂĄil soir taobh thoir den bhaile ar an fhoscadh in ĂĄit nach mbeadh stoirm nĂĄ a dhath ar bith ag cur isteach air agus a dtiocfadh leis codladh san oĂ­che agus a bheith rĂ©idh fĂĄ choinne lĂĄ maith oibre a dhĂ©anamh ar maidin. Anois, chuaigh siad, chuaigh PĂĄdraig ar an taobh thoir den bhaile. ThĂłg sĂ© crĂł tĂ­ ansin agus chuaigh SeĂĄn ar an taobh thiar den bhaile.

BhĂ­ tĂș ag cur ceiste orm cad Ă© mar a thĂĄinig na daoine go Rann na Feirste. Sin a raibh de dhaoine ar an bhaile. BhĂ­ a gcuid ban leo ar ndĂłighe. A bhean fĂ©in le PĂĄdraig agus a bhean fĂ©in le SeĂĄn. Agus sin a raibh de dhaoine ar an bhaile! Ach bhĂ­ inĂ­on ag SeĂĄn a raibh RĂłise uirthi. RĂłise. Agus nuair a chuaigh na blianta thart thĂĄinig fear aniar as an Chruit – PĂĄdraig Dubh Ó DĂłnaill – agus pĂłsadh Ă© fĂ©in agus RĂłise SheĂĄin UĂ­ Ghrianna. Agus ar ndĂłighe, bhĂ­ teaghlach mĂłr acu sin. Sin an teaghlach a d’fhĂĄg seanchas ar, fĂĄ Rann na Feirste nach mbeadh ann ach ab Ă© iad - sin clann PhĂĄdraig Dhuibh UĂ­ DhĂłnaill agus clann RĂłise SheĂĄin UĂ­ Ghrianna. Sin na filĂ­ gan iomrĂĄ a mbĂ­thear ag caint orthu anois – SĂ©amas agus Aodh agus MĂĄnas agus – sĂ­lim go raibh seacht nĂł ocht de chloigneacha de theaghlach ann.

ThĂłg PĂĄdraig Ă© fĂ©in teaghlach agus ar an teaghlach sin bhĂ­ cuid mhĂłr agus sĂ­limse gur imigh siad go dtĂ­ an tOileĂĄn Úr, go dtĂ­ ĂĄit Ă©igin nĂł nĂ­l mĂłrĂĄn cainte dĂ©anta ar theaghlach PhĂĄdraig. NĂ­l mĂłrĂĄn cainte dĂ©anta orthu agus ar dhĂłigh inteacht rinneadh dearmad daofa. Agus b’fhĂ©idir go ndĂ©anfaĂ­ dearmad de chlann PhĂĄdraig Dhuibh UĂ­ DhĂłnaill fosta agus de chlann RĂłise SheĂĄin UĂ­ Ghrianna murab Ă© gur filĂ­ a bhĂ­ iontu! BhĂ­ Aodh agus SĂ©amas ina mbeirt mhac ag RĂłise SheĂĄin UĂ­ Ghrianna.

ThĂĄinig fear de chlann UĂ­ Dhuibheannaigh, Conall Ó Duibheannaigh, agus bhĂ­ dĂșil sa deoch aige agus san am sin bhĂ­ an scilling bhradach seo ag gabhĂĄil agus dĂĄ dtabharfadh an tArm scilling duit ba Ă© sin tĂș san Arm. Ghlac Conall Ó Duibheannaigh an scilling bhradach seo agus d’ól sĂ© Ă­. Agus d’imigh sĂ© ar a sheachnadh. Agus thĂĄinig sĂ© isteach go Rann na Feirste agus, ar ndĂłighe, nĂ­ raibh mĂłrĂĄn tithe i Rann na Feirste, chuaigh sĂ© toigh Aoidh. Agus bhuail sĂ© fĂ©in agus inĂ­on Aoidh UĂ­ DhĂłnaill suas le chĂ©ile – nĂ­l a fhios agamsa cad Ă© an chogarnach a bhĂ­ eadarthu. NĂ­or chuala mĂ© Ă­ ach cĂĄ bith cogarnach a bhĂ­ ann nĂ­ raibh i bhfad ina dhiaidh go dtĂ­ gur pĂłsadh Conall Ó Duibheannaigh agus inĂ­on Aoidh, inĂ­on Aoidh UĂ­ DhĂłnaill. Agus bĂ­odh a fhios agat gur thĂłg siad teaghlach – Conall Ó Duibheannaigh agus EibhlĂ­n Aoidh. Ba Ă© sin mac de na gcuid, PĂĄdaĂ­ Ó Duibheannaigh nĂł PĂĄdaĂ­ EibhlĂ­ne, PĂĄdaĂ­ EibhlĂ­ne Aoidh, athair mĂłr m’athara. Agus thĂĄinig – sin - aon mhuintearas amhĂĄin atĂĄ agamsa agus ag Clann UĂ­ Ghrianna do na DĂĄlaigh.

Ach chaith siad saol breĂĄ gan bhuaireamh gan thrioblĂłid. NĂ­ raibh a dhath ag cur bhuartha ar fhear acu ach obair agus filĂ­ocht a bhĂ­ ag cur bhuartha ar an chuid eile. Ach chuaigh na blianta thart, chuaigh na blianta thart agus nĂ­ raibh SĂ©amas agus a bhean fĂ©in – ba as Pobal Ghaoth Dobhair a bhean – nĂ­ raibh siad iontach mĂłr le chĂ©ile. NĂ­or scar siad ariamh cosĂșil le mar a nĂ­thear anois! D’fhan siad i mbun a chĂ©ile. Ach mĂĄ d’fhan fĂ©in bhĂ­ saol beag niogĂłideach acu. Agus d’fhĂĄg sin filĂ­ocht againn fosta nach mbeadh againn ach ab Ă© nach raibh siad ag tarraingt an tsnĂĄithe mar ba cheart.

Ach ar ndĂłighe, nuair a fuair mac ShĂ©amais, nuair a bĂĄitheadh an duine bocht, PĂĄdraig ShĂ©amais, bhĂ­ caibidil mhĂłr ann cĂ© acu a chuirfĂ­ i gCionn Chasla Ă© nĂł a chuirfĂ­ thall i Machaire GathlĂĄn Ă©. BhĂ­ a mhĂĄthair - ba as Gaoth Dobhair Ă­ - i bhfĂĄch lena chur go Machaire GathlĂĄn agus bhĂ­ SĂ©amas i bhfĂĄch le Ă© bheith curtha ag na athair fĂ©in ar an Chruit. Agus fĂĄgadh an scĂ©al le rĂ©iteach ag an dearthĂĄir ab Ăłige, Niall. Agus d’iarr Niall Ă© a chur chun na Cruite. Agus fĂĄgadh ansin PĂĄdraig ShĂ©amais agus SĂ©amas, a athair agus a athair mĂłr curtha ar an Chruit.

An dtuigeann tĂș, an lĂĄ a bĂĄitheadh a mhac, nĂ­orbh Ă© an SĂ©amas cĂ©anna nĂ­ba mhĂł Ă©. Chum sĂ© filĂ­ocht agus bhĂ­ sĂ© iontach maith ag cumadh filĂ­ochta. NĂ­or chum sĂ© a oiread lena dhearthĂĄir, Aodh. Ach chum sĂ© filĂ­ocht. Agus nuair a bĂĄitheadh an mac, bhĂ­ sĂ© stadtha tamall roimhe sin den fhilĂ­ocht. BhĂ­ sĂ© ag Ă©irĂ­ aosta. Mar a dĂ©arfĂĄ, rĂł-aosta fĂĄ choinne filĂ­ocht a chumadh ! Caithfidh tĂș bheith measartha Ăłg agus measartha slĂĄintiĂșil le filĂ­ocht a chumadh.
Ach bhĂ­ sĂ© stadtha den fhilĂ­ocht. Ach nuair a bĂĄitheadh an mac, shĂ­l siad go raibh seachrĂĄn beag ag teacht air. Agus fuair siad lĂĄ amhĂĄin Ă© ag caint leis fĂ©in thĂ­os fĂĄn chladach, thĂ­os, mar a deir sĂ© fĂ©in, os cionn taobh abhus de Charraig na nDeor. Agus chuaigh sĂ© chuig Aodh agus d’inis sĂ© an t-amhrĂĄn d’Aodh Ăłna thĂșs go dtĂ­ na dheireadh - AmhrĂĄn PhĂĄdraig ShĂ©amais. Agus dĂșirt Aodh leis agus, ar ndĂłighe - is Ă© a dĂșirt an ceart : ‘Bhuel,’ ar seisean, ‘bĂ­odh a fhios agat,’ ar seisean, ‘go mbeidh dearmad dĂ©anta ar mo chuid filĂ­ochtasa agus go mbeidh do chuid filĂ­ochtasa i neart rĂ©ime nuair a bheas dearmad dĂ©anta de mo chuidse. TĂĄ an bhuaidh agat mĂĄ bhĂ­ sĂ© ag aon fhear ariamh,’ arsa Aodh. ‘Sin an bhuaidh nach bhfuil inmhaĂ­te orm,’ arsa SĂ©amas, ‘is Ă­ an bhuaidh Ă­ a dtiocfainn gan Ă­.’ Agus, ar ndĂłighe, nĂ­ raibh a dhath faoi sin aige.

Agus an t-amhrån sin, sin An Chéad Mhåirt den Fhómhar, ab é?

‘An chĂ©ad MhĂĄirt d’FhĂłmhar, ba bhrĂłnach, ba tuirseach mo scĂ©al,
låmh thapaidh a bhí cróga, ag gabhåil romhamsa ar leaba na néal.
Is iad a,’ - Ăł b’fhĂ©idir go bhfuil dearmad dĂ©anta agam de chuid de sin anois.
‘Is iad a chuir insan uaigh monuar a d’fhág mise gan bhrí.
Gan mhisneach, gan stuaim, ach i mo thruaill bhocht ag imeacht le gaoth.’
Anois, nĂ­l ansin ach beagĂĄn dĂł. Ach bĂ­odh a fhios agatsa, go dtĂ­ an lĂĄ a bhfuil inniu ann, go mbeidh AmhrĂĄn PhĂĄdraig ShĂ©amais ĂĄ cheol in ĂĄiteacha, bĂ­odh a fhios agat, in ĂĄiteacha buartha chomh maith le ĂĄiteacha gleoirĂ©iseacha. Ceolfar Ă© ach tĂĄ a fhios agamsa is nĂ­l sĂ© blianta fada ar bith Ăł thĂĄinig fear as taobh thiar den phobal anseo ar shĂ­l mĂ© nach raibh Gaeilge ar bith ĂĄ labhairt ann agus bhĂ­ a mhac i ndiaidh bĂĄs a fhĂĄil. Agus chuir sĂ© ceist an raibh duine ar bith as Rann na Feirste istigh ansin a cheolfadh AmhrĂĄn PhĂĄdraig ShĂ©amais. An dtuigeann tĂș, bhĂ­ ceol, bhĂ­ caint iontach lĂĄidir ann, caint iontach thruacĂĄnta.

Thoisigh na daoine a phĂłrĂș ansin. Thoisigh na daoine a phĂłsadh frĂ­otha fĂ©in. An dtuigeann tĂș, nĂ­ raibh a leithĂ©id de rud ann agus ag imeacht amach as baile. MĂĄ bhĂ­ - nuair a thĂĄinig na tĂ­the - mĂĄ bhĂ­ oĂ­che dhamhsa ag gabhĂĄil a bheith acu – agus bhĂ­ dĂșil sa damhsa ariamh acu – mĂĄ bhĂ­ oĂ­che dhamhsa ag gabhĂĄil a bheith acu, i gceann de na tithe a bheadh an damhsa. Agus mĂĄ bhĂ­ beirt ag gabhĂĄil a phĂłsadh, nĂ­ raibh tĂș ag gabhĂĄil a phĂłsadh bean ar bith ach an bhean a raibh measarthacht aithne agat uirthi. SiĂșd agus gur is iomaĂ­ cleamhnas a rinneadh idir beirt nach bhfaca a chĂ©ile mĂłrĂĄn ariamh!

Ach d’fhĂĄg sin muintir Rann na Feirste iontach, iontach clĂłsĂĄilte dĂĄ chĂ©ile. NĂ­ raibh coimhthĂ­ocha ar bith frĂ­otha. BhĂ­ siad ansin, iad fĂ©in, agus go dtĂ­ an lĂĄ a bhfuil inniu ann, tĂĄ sin de shĂ©ala ar Rann na Feirste. Agus mura mbeadh a dhath ar bith ann ach Ă©, deir siad go bhfuil muid anseo i Rann na Feirste iontach, iontach deas dĂĄ chĂ©ile agus go mbĂ­onn muid ag caint eadrainn fĂ©in agus nach maith linn labhairt le daoine as baile amach. Bhuel, bhĂ­ sin amhlaidh cuid mhĂłr go dtĂ­ ar na mallaibh. NĂ­l sĂ© amhlaidh anois ach bhĂ­ sĂ© amhlaidh. Ar ndĂłighe, go dtĂ­ le gairid, nĂ­ raibh iomrĂĄ ar bith ar chor ar bith ar a ghabhĂĄil amach as baile chuig damhsa nĂł a bheith ag caint ar na daoine drabhlĂĄsacha a chuaigh agus b’fhĂ©idir a bhĂ­ thiar i Mullach Dubh nĂĄ thuas in Anagaire ag damhsa. BhĂ­ siad sin chun drabhlĂĄis. Chuaigh siad taobh amuigh de chrĂ­ocha an bhaile.

Ach phĂłraigh muintir Rann na Feirste. PhĂłs siad, agus phĂłraigh siad agus an deireadh a bhĂ­ air go raibh na daoine ag cruinniĂș. ThĂĄinig GallchĂłirigh. ThĂĄinig achan uile dhream. ThĂĄinig Clann Mhig Gairbheith. ThĂĄinig siad isteach agus pĂłsadh frĂ­d a chĂ©ile iad. Agus chaith siad saol breĂĄ i Rann na Feirste.
Anois, saol maith. BhĂ­ muid scaite. BhĂ­ muid ar shiĂșl Ăł na bealtaĂ­ mĂłra. BhĂ­ muid istigh anseo i gcĂșl na gcnoc. Agus ba chuma linn sa tsioc cad Ă© a tharlĂłdh i Leitir Ceanainn. NĂ­ raibh baint aige sin dĂșinn. BhĂ­ muidne anseo linn fĂ©in. Ach bhĂ­ buntĂĄiste mhaith amhĂĄin againn. Agus ba Ă© an bhuntĂĄiste sin - bhĂ­ muid ag taobh an chladaigh. Agus bĂ­odh a fhios agat gur chuntas tĂș sin cuid mhĂłr nĂł nuair a bhĂ­ ocras agus ocras mĂłr ar go leor daoine, bhĂ­ muintir Rann na Feirste beo ar bhia cladaigh. Agus is mĂłr an trua nach bhfuil siad beo nĂ­os mĂł inniu air nĂĄ atĂĄ siad nĂł nĂ­ raibh iomrĂĄ ar bith ar chuid mhĂłr de na haicĂ­deacha sin atĂĄ ag gabhĂĄil anois. NĂ­ raibh iomrĂĄ ar bith air sin. D’ith siad a sĂĄith sleabhaic agus a sĂĄith creannaigh agus a sĂĄith corr chladaigh. Agus chuaigh siad amach nuair a bhĂ­ trĂĄ ann agus bhain siad breallaĂ­ agus bhain siad sliogĂĄin. Agus achan rud leis an rud eile go dtĂ­ go raibh - nĂ­ raibh ocras orthu.

Rinne siad leo ansin currach nĂĄ bĂĄd. NĂ­ raibh teach ar bith nach raibh currach nĂĄ bĂĄd ann. Agus ba ghnĂĄch leo ghabhĂĄil amach agus tamall iascaireachta a dhĂ©anamh. Agus bheadh deirgeacha agus ballĂĄin agus gliomaigh – agus na rudaĂ­ seo uilig go lĂ©ir leo isteach agus a sĂĄith le hithe acu. Agus shaillfeadh siad iad nĂł bheadh amannaĂ­, b’fhĂ©idir, nach mbeadh siad ĂĄbalta ar a ghabhĂĄil amach dĂĄ mbeadh siad gnaitheach ag gabhĂĄil do a dhath ar bith eile.

Ach mar a dĂșirt mĂ©, bhĂ­ siad dĂ©irceach fosta. Thiocfadh scaifte lena gcuid spĂĄdaĂ­ san earrach agus thiompĂłdh siad an talamh do chrĂ©atĂșr inteacht nach raibh ĂĄbalta a dhĂ©anamh Ă© fĂ©in. Thiocfadh scaifte eile lena gcuid sleĂĄnta agus bhainfeadh siad a gcuid mĂłnadh. ChuirfĂ­ tuĂ­ ar an teach di. ChuirfĂ­ urlĂĄr sa teach mĂĄ bhĂ­ an t-urlĂĄr - urlĂĄr crĂ©afĂłige, ar ndĂłighe, a bhĂ­ ag gabhĂĄil an t-am sin – chuirfĂ­ urlĂĄr crĂ©afĂłige sa teach di - crĂ© gorm. Agus nuair a bheadh oĂ­che dhamhsa ann, is minic agus is minic a tchifeĂĄ iad agus a mbrĂłga corruair ag greamĂș san urlĂĄr – d’éireodh an t-urlĂĄr bog le barraĂ­ocht siĂșil.
Ach nĂ­ raibh brĂłd nĂĄ beadaĂ­ocht i nduine ar bith. BhĂ­ siad beo go dĂ­reach ar aer an acaine. Agus sin an rud atĂĄ contĂșirteach sa lĂĄ a bhfuil inniu ann. TĂĄ daoine rĂłmhĂłr ag a mbrĂłga. TĂĄ daoine ag iarraidh bheith beo ag - ar dhĂłigh mhĂłr agus gan teann ar a gcĂșl acu leis sin a dhĂ©anamh. Ach bhĂ­ i Rann na Feirste - d’fhan an Ghaeilge i Rann na Feirste fosta.

Ach bhĂ­ SĂ©amas Ó Grianna, bhĂ­ MĂĄire sa leabhar sin Nuair a BhĂ­ MĂ© Óg - scrĂ­obh sĂ© fĂĄ mhĂłrtas an DĂĄlaigh. An raibh beadaĂ­ocht nĂł brĂłd ansin?

Bhuel, bhĂ­ brĂłd cine ann. BhĂ­ brĂłd cine ann. An dtuigeann tĂș, chuaigh na DĂĄlaigh siar a fhad leis na DĂĄlaigh a bhĂ­ ann roimhe sin - na DĂĄlaigh a bhĂ­ i gcĂșirt ĂĄrsa DhĂșn na nGall agus achan rud. Agus bhĂ­ an brĂłd sin, brĂłd agus beadaĂ­ocht na nDĂĄlach, bhĂ­ sin ansin agus nĂ­ thig a bhaint as. Agus tĂĄ a bheagĂĄn nĂł a mhĂłrĂĄn de inniu ann. Agus ar dhĂłigh nĂ­ thiocfadh leat bheith ina dhiaidh go hiomlĂĄn orthu nĂł thiontaigh siad iad fĂ©in ar na taoisigh agus ar na daoine mĂłra seo. Agus nĂ­ hĂ©, nĂ­ hĂ© gur amharc siad anuas ar dhream ar bith eile. NĂ­or amharc siad anuas ach rinne siad amach gurbh fhiĂș amharc suas rud beag orthusan. Sin a raibh de dhifear ann. BhĂ­.

Sin nuair a thoisigh na boichte. NĂ­ thug muidne ariamh anseo bacaigh ar na daoine a thĂĄinig thart a chruinniĂș. ThĂĄinig – na boichte a thug muid orthu - chuaigh na boichte a theacht, ar shiĂșl, ar ndĂłighe Ăł theach go teach, ag iarraidh dĂ©irce. Agus tĂĄ a fhios ag Dia nach raibh sĂ© mĂłr an mĂ©id dĂ©irce a thiocfaĂ­ a dhĂ©anamh orthu. Ach chuaigh cuid acu sin a chruinniĂș bratĂłg, cuid eile a chruinniĂș uibheacha, cuid a chruinniĂș phrĂ©ataĂ­ agus cuid ar chuma leo ach dĂ­dean an tĂ­ a fhĂĄil agus cĂĄ bith greim bĂ­dh a bhĂ­ ag gabhĂĄil, a sciar de sin a fhĂĄil.

BhĂ­ scaifte acu ag teacht nĂł bhĂ­ liosta agus tĂĄ mĂ© ag dĂ©anamh go bhfuil cuid den liosta agam go fĂłill. ThĂĄinig cĂșpla fear ar tĂșs agus nĂ­ raibh a fhios an t-ainm a bhĂ­ orthu ach d’inis siad fĂ©in agus caithfidh sĂ© gur as taobh amuigh de ĂĄit inteacht a raibh Gaeilge a thĂĄinig siad nĂł Willy Hegarty a bhĂ­ ar fhear acu. Dan Keavney. Ach ansin thĂĄinig an BabhdĂĄn agus an Boc BĂĄn. ThĂĄinig Bratach Ghorm, PĂĄdaĂ­ ShailitĂ­n agus MicheĂĄl Ó CarradĂĄin. Dowse is SiĂșsaĂ­ Dheirg agus Eoin an tSeile SeĂĄin, PĂĄdaĂ­ na Circe, PĂĄdaĂ­ na mBrioscaĂ­ agus MĂĄnas Tharlaigh BhĂĄin. Sin anois na boichte a bhĂ­ ag teacht thart frĂ­d Rann na Feirste.

NĂ­ thug muid ariamh bacaigh orthu. Bheir muidne bacach ar an tĂ© a dhĂ©anas rud inteacht fabhtach nĂł an tĂ© nach bhfuil ĂĄbalta a ĂĄit fĂ©in a sheasamh agus Ă© ĂĄbalta Ă© a dhĂ©anamh ach nĂ­ fiĂș leis a sheasamh. Sin bacach. CosĂșil le fear a Ăłlas deoch na muintire eile agus nach gceannaĂ­onn deoch arĂ­s. Sin bacach. Ach nĂ­ bacach ar bith an crĂ©atĂșr a chaithfeas a ghabhĂĄil Ăł dhoras go doras. Sin bochtĂĄn. Agus bhĂ­ sĂ©, bĂ­odh a fhios agat mura mbeadh agat ach pingin amhĂĄin sa teach, nĂ­ ligfeĂĄ an bochtĂĄn Ăłn doras nĂł tĂĄ sĂ© rĂĄite – dĂ©irce do bhochtĂĄin DĂ©. Sin an rud a bhĂ­ leagtha amach agus sin an rud a bhĂ­ tuigthe ag muintir Rann na Feirste.

BhĂ­ cuid mhĂłr de dhĂłigheannaĂ­ iontach maith i Rann na Feirste. Mar a dĂșirt mĂ©, bhĂ­ siad ag cuidiĂș le chĂ©ile. DĂĄ n-Ă©ireodh bĂł tinn i dteach agus bĂł na bpĂĄistĂ­ a bheirtĂ­ uirthi an t-am sin, nĂĄ mura mbeadh aon bhĂł agat, nĂ­ raibh bainne agat. Agus nĂ­ raibh na pĂĄistĂ­ beo gan bainne. Agus bĂł na bpĂĄistĂ­ a bheirtĂ­ uirthi. Ach dĂĄ n-Ă©ireodh an bhĂł sin tinn, bhĂ­ fir eolacha ar an bhaile, fir a bhĂ­ ĂĄbalta ar a theacht agus b’fhĂ©idir go dtabharfadh siad fĂĄ dear cad Ă© a bhĂ­ contrĂĄilte leis an bhĂł. Agus ansin bhĂ­ fir ann fosta a bhĂ­ ĂĄbalta tabhairt fĂĄ dear go mb’fhĂ©idir gur caite a bhĂ­ an bhĂł. Agus sin – rud a bhĂ­ sa bhĂł a bhĂ­ caite go dtearn duine inteacht drochamharc uirthi – sin nĂł go raibh cumhacht inteacht ag an tslua sĂ­ a bhĂ­ ag dĂ©anamh do bhĂł tinn.

Agus bhĂ­ fir ar an bhaile a bhĂ­ ĂĄbalta ar leigheas caite a dhĂ©anamh don bhĂł – bhĂ­ leigheas fĂĄ choinne na rudaĂ­ sin uilig. Thiocfadh fear isteach agus thomhaisfeadh sĂ© an bhĂł Ăł bhun a cluaise go bun a rubaill agus Ă© ag rĂĄ focla. ‘Ceithre fĂłide glasa faoi do cheithre cosa, aon laoi na caillĂ­ brice tĂĄ tĂș an fad seo gairid,’ a dĂ©aradh sĂ©. Agus ar scor ar bith, bĂ­odh a fhios agat go raibh rud inteacht ann nĂł go minic minic, bunĂșs an ama, fuair an bhĂł biseach. Ach bhĂ­ - bhĂ­ an baile seo an t-am sin - chuaigh sĂ© ar aghaidh agus bhĂ­ sĂ© iontach maith ach nĂ­ raibh sĂ© cosĂșil le mar atĂĄ sĂ© inniu.

Bhuel, bhĂ­ tĂș ag caint nĂ­ba luaithe ansin ar an Ghaeilge atĂĄ agus a bhĂ­ ag na daoine i Rann na Feirste. Anois, tĂĄ ainm ar Ghaeilge Rann na Feirste go bhfuil sĂ­ iontach binn, iontach blasta agus iontach saibhir mar theanga agus tĂĄ a fhios agam fĂ©in, mar shampla, go bhfuil difear mĂłr idir an Ghaeilge anseo i Rann na Feirste agus an Ghaeilge a bheadh le fĂĄil, b’fhĂ©idir, anonn Gaoth Dobhair. Cad Ă© a d’fhĂĄg an difear sin idir Gaeilge Rann na Feirste agus an Ghaeilge a labhrĂłdh, b’fhĂ©idir, i nGaoth Dobhair nĂł i gCloich Chionnaola?

Bhuel, bhĂ©arfaidh mĂ© barĂșil duit cad Ă©. Mar a dĂșirt mĂ©, bhĂ­ Rann na Feirste scaite. NĂ­ raibh duine ar bith coimhthĂ­och ag teacht isteach go Rann na Feirste. BhĂ­ Gaoth Dobhair, ar ndĂłighe, nĂ­ba deise do na bealtaĂ­ mĂłra agus bhĂ­ strĂĄinsĂ©irĂ­ ag teacht isteach go Gaoth Dobhair. Agus d’fhĂĄg sin meascĂĄn i nGaoth Dobhair. BhĂ­ rud eile ann. NĂ­ raibh beairic phĂ©as ar bith i Rann na Feirste riamh agus thĂĄinig pĂ©as agus canĂșint BhĂ©arla acu agus labhair siad Ă© agus chuaigh cuid de na daoine a dhĂ©anamh aithrise air sin. Agus na bailte eile thart – Anagaire, an dĂłigh chĂ©anna – thĂĄinig - bhĂ­ beairic phĂ©as ansin. BhĂ­ sagairt ann agus BĂ©arla acu.

Agus achan rud leis an rud eile, d’fhan muintir Rann na Feirste iontu fĂ©in. NĂ­or mheasc muintir Rann na Feirste, mar a dĂșirt mĂ© cheana fĂ©in leat, d’fhan muintir Rann na Feirste iontu fĂ©in. Agus go dtĂ­ an lĂĄ a bhfuil inniu ann, aithneoidh mise agus gan mĂ© iad a fheiceĂĄil ar chor ar bith, thuas ansin ar an bhealach mhĂłr, cĂ© acu duine as Rann na Feirste atĂĄ ag caint nĂł nach ab Ă©. Anois nĂ­l mĂ© ag dĂ©anamh a leithĂ©id de mholadh, ag dĂ©anamh moladh atĂĄ mĂ©. Ach tĂĄ mĂ© ag inse Ăł mo chroĂ­ amach go n-aithneoidh mĂ© cĂ© acu duine as Rann na Feirste a bhĂ­ ag caint nĂł nach ab Ă© agus gan Ă© a fheiceĂĄil ar chor ar bith. TĂĄ an difear ann. NĂ­l sin le rĂĄ nach bhfuil daoine i nGaoth Dobhair is daoine in ĂĄiteacha eile a bhfuil scoith Gaeilge acu ach tĂĄ blas inteacht i Rann na Feirste nach bhfuil in ĂĄit ar bith eile.

Is Ă© an rud amhĂĄin a thĂĄinig go Rann na Feirste cosĂșil le achan ĂĄit eile : nuair a chuaigh an saol a bhisiĂș agus an saol a dh’éirĂ­ maith, thĂĄinig raidiĂł agus thĂĄinig teilifĂ­s agus thĂĄinig siĂșd agus seo agus rinneadh dearmad de chuid mhĂłr de na focla maithe a bhĂ­ a bhĂ­ in ĂșsĂĄid i Rann na Feirste. Ach nĂ­ raibh, nĂ­ raibh Rann na Feirste, mar a dĂ©arfĂĄ, iontach brĂłdĂșil ar chor ar bith. NĂ­ raibh Rann na Feirste ach go dĂ­reach iontu fĂ©in. NĂ­ raibh siad ag iarraidh cur isteach ar aon duine agus nĂ­ raibh siad ag iarraidh aon duine cur isteach orthu.
Ach b’fhiĂș i gceart Ă©isteacht le cuid de na seandaoine. TĂĄ cuimhne agamsa nuair nach raibh mĂ© ach go dĂ­reach i gceann mo chĂșpla bliain, b’fhĂ©idir, agus mĂ© i mo shuĂ­ ar leac na tinibh, ag titim a chodladh agus ag Ă©isteacht a dhĂĄ oiread nĂł a trĂ­ oiread ba ghnĂĄch liom a bheith ag Ă©isteacht agus mĂ© idir mo chodladh agus mo mhuscladh. Na cruiceird a bhĂ­ istigh sna scealpacha a bhĂ­ i mbinn na tinibh - criocaird. Agus dĂĄ bhfeicfeĂĄ, dĂĄ gcluinfeĂĄ iad sin ag gabhĂĄil cheoil ! Agus pota an bhrachĂĄin ag gail ar an tinidh – tĂĄ sin i mo chluasa go fĂłill. Agus tuaim na seandaoine ag caint agus ag comhrĂĄ agus ag scĂ©alaĂ­ocht thart fĂĄn tinidh. Agus d’fhan sin agam agus tĂĄ sin agam go fĂłill. Agus tĂĄ sĂ© istigh in mo chroĂ­.

Agus cuid mhĂłr de na focla a deirim, tig siad aniar Ăłn seansaol mar a dĂ©arfĂĄ. Tig siad aniar. Agus amharcfaidh daoine orm agus dĂ©arfaidh siad – cad Ă© an focal Ă© sin? Cad Ă© an chiall atĂĄ leis sin? Agus cuireann sĂ© cineĂĄl de chumha orm nuair a chaithfidh mĂ© toiseacht a mhĂ­niĂș daofa cad Ă© an chiall atĂĄ leis. Agus go minic nĂ­ smaointĂ­onn tĂș fĂ©in cad Ă© an chiall atĂĄ leis ach tiocfaidh tĂș amach leis an fhocal go, an dtuigeann tĂș, go nĂĄdĂșrtha.

Bhuel, ar an drochuair, tĂĄ muid ag tarraingt ar dheireadh an chlĂĄir ĂĄirithe seo ach thuig muidne go maith agus go soilĂ©ir na scĂ©alta a d’inis tĂș dĂșinn inniu agus caithfidh muid Ă© a fhĂĄgĂĄil go ceann seachtaine eile. Agus, a John GhrĂĄinne, go raibh mĂ­le maith agat as an chomhrĂĄ a dhĂ©anamh liom inniu.

GLUAIS
DrabhlĂĄsach: given to drinking
DĂșdhĂșil, bhĂ­ an dĂșdhĂșdhĂșil go deo aige in sport: he really loved the craic.
TurtĂłg: clump
Droch-chuma, bhĂ­ droch-chuma ar Rann na Feirste: Rann na Feirste looked very bad.
Teann, nĂ­ raibh teann ar a chĂșl aige: he had nothing to fall back on.
Aird, sin a raibh ar a aird: that’s all he cared about.
Féachåil le, ag féachåil leis an bhaile a cheannach: attempting to buy the townland.
Treis, I dtreis: in power.
CrĂł, crĂł tĂ­: a dwelling.
DĂșshraith, cloche na dĂșshraithe: foundation stones.
Foscadh, ar an fhoscadh: sheltered.
Ach ab Ă©: except for.
IomrĂĄ, na filĂ­ gan iomrĂĄ a mbĂ­thear ag caint orthu: the little-known poets that they talk about.
Scilling, an scilling bhradach: the king’s shilling, the ill-gotten shilling.
Seachnadh, ar a sheachnadh: on the run, in hiding.
Toigh, toigh Aoidh: to Hugh’s house.
Cogarnach: whispering, talk.
Bun, I mbun a chéile: together
Caibidil: discussion
Snáithe, ag tarraint an tsnáithe: ‘pulling the ropes.’
Seachrán, go raibh seachrán beag ag teacht air: that he was ‘losing it a bit.’
Réime, I neart réime: reigning, supreme.
Buaidh, an bhuaidh: the gift, talent.
Inmhaíte, sin an bhuaidh nach bhfuil inmhaíte orm: that’s the talent that no one is envious of me for having.
AicĂ­deacha: diseases.
Corr chladaigh: shore eels
Breallaigh: type of shell fish.
SliogĂĄin: shell fish.
Deirgeacha: Pollock
BallĂĄin: ballan wrasse.
Gliomaigh: lobsters
DĂ©irceach: charitable
Scaifte: crowd.
SleĂĄn: a gcuid sleĂĄntach: their turf spades.
Urlår créafóige: clay floor.
BeadaĂ­ocht: conceit.
Diaidh, ní thiocfadh leat bheith ina dhiaidh go hiomlán orthu: you couldn’t blame them.
Déirc, ag iarraidh déirce: seeking alms/ begging.
BratĂłg, ag cruinniĂș bratĂłg: gathering rags.
DĂ­dean, dĂ­dean an tĂ­: shelter.
Fabhtach: treacherous.
FĂĄ dear = faoi deara.
Caite: elfshot.
Scaite: remote.
Tine, leac na tinibh: the hearth,
Cruicéard = cruicéad, cricket.
Scealpacha: splinters, chips.
Cumha: sorrow.
Tuaim: sound.





Ìę

Ìę

Broadcasts

  • Tue 5 Jul 2011 19:03
  • Thu 3 Jul 2014 19:03