C谩 bhfuil na duilleoga by Cl铆odhna Sadlier
C谩 bhFuil na Duilleoga?
Sc茅al arrachtach le Cl铆odhna Sadlier, 10, don chom贸rtas Two Minute Tales.
Lá gaofar a bhí ann, ag tús an gheimhridh, i gCaisleán Uidhilín.
Bhí Rónán ag amharc amach an fhuinneog ar na duilleoga donna dearga, roinnt acu ina luí ar an talamh agus roinnt ag damhsa san aer leis an ghaoth.
Thaitin an cineál seo aimsire go mór leis.
Chuir sé air a chóta agus amach an doras leis.
Ach ní raibh rud ar bith le feiceáil nó le cloisteáil.
D’amharc sé achan áit ach ní raibh duilleog ar bith le feiceáil áit ar bith.
Cad a tharla?
Iontach aisteach.
Thosaigh Rónán ag cuardach na nduilleog.
Chuardaigh sé thoir agus thiar, gach áit sa bhaile.
Go dtí go bhfaca sé cnapán duilleog ina luí os a chomhair.
Ansin chonaic sé níos mó, agus níos mó.
D’ardaigh sé a shúile ón talamh agus cad a chonaic sé roimhe ach sliabh mór duilleog!
Agus ina luí ar bharr an tsléibhe, arracht ollmhór scanrúil – An Mórchosach!
“Éirigh leat, múscail anois!” Mhúscail an Mórchosach de gheit agus iontas air.
“Cén fáth ar sciob tú na duilleoga s’againn ar fad?” arsa Rónán.
Chonaic an Mórchosach deora ag titim ar aghaidh Rónáin.
“Tá brón orm,” arsa an Mórchosach, “ní raibh mé ach ag iarraidh leaba dheas chompordach a dhéanamh dom féin. Níor shíl mé go mbeinn ag cur isteach ar dhaoine.”
Bhí Rónán brónach nuair a chuala sé seo. Bhí trua aige don Mhórchosach.
“Tá mé buartha gur chuir mé isteach ar do chodladh,” arsa Rónán, “ná bí buartha faoi na duilleoga, tá siad de dhíth ort don leaba.”
Bhí an Mórchosach chomh sásta le píobaire leis an chineáltas seo a léirigh Rónán dó.
“Go raibh maith agat a chara, tá tú an-chineálta. Geallaim duit, cuirfidh mé ar ais iad i gceann cúpla mí, agus déanfaidh mé cinnte de aire mhaith a thabhairt dóibh.”