Main content

An Geimhreadh Te by Gr谩inne Murphy

An Geimhreadh Te

Sc茅al r贸th茅ite do Two Minute Tales le Gr谩inne Murphy, 11.

Lá breá geimhridh a bhí ann ag an Phol Thuaidh.

Bhí Henry agus Bob ag tógáil bronntanais le chéile.

Ba phiongain mhór é Henry agus ba phiongain bheag é Bob.

“Is breá liom an dath seo,” arsa Bob le Henry.

“Is maith agus liom… ach cén fáth a bhfuil na bronntanais fliuch?” arsa Henry.

“Níl a fhios agam, an rachaidh muid go Daidí na Nollag agus Nick?” arsa Bob.

“Cinnte, ar aghaidh linn go gasta!” arsa Henry.

Chuaigh siad go teach Nick agus bhuail siad cnag ar an doras.

Bhí Nick agus Daidí na Nollag ina seasamh os a gcomhair.

Ba phiongain iontach cliste go deo é Nick. Chaith sé spéaclaí ar bharr a chloiginn.

“Tá na bronntanais fliuch agus níl a fhios againn cén fáth!” arsa Henry ag caoineadh.

“Tá siad fliuch báite!” arsa Daidí na Nollag i nguth neirbhíseach, agus é ar crith le heagla.

“Tá na bronntanais fliuch, a deir sibh? hmmm….” arsa Nick.

Bhuail smaoineamh é… “Tá an t-oighear ag leá!” ar sé.

“Ach cad a dhéanfaimid faoi?!” arsa Daidí na Nollag.

“Tógfaimid inneall oighir,” arsa Nick go stuama. “Ach tá píosaí eile de dhíth agus níl siad agam,” arsa Nick.

“Ná bí buartha a chara, beimid maith go leor,” arsa Bob, “beidh na píosaí atá de dhíth orainn ag mo mhamó.”

Chuir Bob glaoch ar a Mhamó. Cúig bhomaite níos moille, tháinig mamó Bob go teach Nick, agus mála aici lán le píosaí difriúla.

Mhothaigh siad uilig faoiseamh go raibh an píosa ceart ag mamó don inneall.

I ndiaidh cúpla bomaite, tháinig Nick amach as an tseomra leis an inneall oighir agus thug sé do Henry agus Bob é.

Chuaigh siad thart le chéile ag reo an oighir ar fad arís leis an inneall.

D’oibrigh siad le chéile agus shábháil siad na bronntanais!